Sagart áirid a bhí ann. Sin a deireadh na daoine fásta faoi Father Folan, ach shíl Muraed go raibh sé go hálainn. Dá mbuailfeadh sé bleid chainte ort is tú ag siúl abhaile ón scoil, nó dá gcuirfeadh sé ceist ort sa seomra ranga agus é tagtha isteach ar cuairt, níor airigh tú go raibh sé ag iarraidh a fháil amach an raibh tú dána nó leisciúil nó sleamchúiseach. ‘Sén chaoi go mbíodh suim aige sa rud a déarfá leis, amhail is go raibh níos mó ná freagra ceart amháin ar cheist ar bith.
Níor thuig Muraed cén fáth go mbíodh na daoine fásta a rá go raibh bealach aisteach leis. Cén dochar má bhí sé de nós aige fanacht go maidin ag tórramh, é féin ag scéalaíocht, ag gáirí leis an gcomhluadar agus ag rá corrstéibh d’amhrán?
Bhí sé beagáinín áirid, ceart go leor, an chaoi a mbíodh sé ag dul thart leath den am agus seaicéad bréidín air, amhail seaniascaire. Dúirt Eoin Éamoinn go raibh a chloigeann curtha ó mhaith ag na blianta a bhí caite amuigh san Afraic aige. Bhí a intinn bruite ag an teas amuigh ann, a dúirt sé, é ag iarraidh foghlaim Dé a chur ar dhaoine fiáine in áiteacha nach dtitfeadh braon báistí ó cheann ceann na bliana.
Ach in ainneoin na rudaí a deireadh na daoine fásta faoi, bhí cúis mhaith amháin ag Muraed a cheapadh gur sagart fíordheas a bhí ann. Mar b’é Father Folan an t-aon duine riamh a tháinig ag an teach go speisialta le castáil ar Pháraic.
Cén chaoi a raibh a fhios aige go raibh Páraic ann beag ná mór? Ní thugtaí amach ag an Aifreann riamh é. Is dócha go raibh a fhios ag muintir na háite go raibh sé ann. D’fheicfidís ar maidin é agus Muraed á thabhairt chomh fada le teach Neil Chóil Jimí, le go dtabharfadh sise aire dó nuair a bhí sí féin agus Bid ar scoil. Ach maidir leis na daoine a thagadh san oíche ag an teach le bheith ag scéalaíocht le Deaide nó ag casadh amhrán, ní leagfaidís sin súil riamh air. Dhéanfadh Deaide cinnte go mbeadh Páraic curtha a luí i gcónaí sula dtiocfaidís.
Níor thaithnigh sé le Muraed an chaoi a dtugadh Bid ‘simpleoir’ air. Ní raibh tada simplí faoi Pháraic. Agus ní ‘gnúsachtach’ a bhíodh aige, ach focla. Focla a bhí cumtha aige féin. Cé mhéad duine cliste a bhí in ann a rá gurbh iad féin a chum na focla a bhí acu, chuile cheann beo? Ach b’shin mar a bhí ag Páraic. ‘Nuc’ a bhí aige ar bhainne. ‘Unna’ a bhí aige ar ronnach. ‘Há’ ar an bpréachán. Agus ‘Aidhl’ a bhí aige ar an bhfaoileán bán. Bhí dosaen eile focla ar a laghad aige.
Agus ní le focla amháin a chuireadh sé féin in iúl. Bhí bealach aige lena dhá shúil a chasadh ina chloigeann a thabharfadh brí bhreise don mhéid a bhí sé ag iarraidh a rá. Dá gcasfadh sé deiseal na súile agus iad a stopadh le stánadh suas ar fhraitheacha an tí, chiallódh sé sin go raibh sé sásta, nó gur mhaith leis go mbainfeadh Muraed dinglis as. Agus dá gcasfadh sé na súile tuathal agus iad a stopadh le stánadh ar leacracha an urláir, chiallódh sé sin go raibh sé cráite ann féin. Dá mba néal uaignis a bhí tite air, chúbfadh sé isteach aige féin agus ní bheadh bíog as ar feadh an tráthnóna.
Ach dá mba stoirm chantail a bhailigh ina thimpeall, scéal eile a bheadh ann. Bheadh lasracha sna súile an uair sin aige agus dá ligfí leis, tharraingeodh sé trioblóid éicint. Formhór laethanta, dá dtabharfadh Muraed faoi deara in am é, bheadh sí in ann é a mhealladh agus a bhréagadh sula mbeadh buicéad uisce leagtha aige nó cic buailte aige ar chois an bhoird.
Ach formhór mór an ama, ní bhíodh mórán deacracht ar bith ag baint leis. Má bhí sé suite ar a chompord i gcúinne na cistine, é ag spraoi leis na clocha míne a fuair Muraed thíos ar an gcladach dó, ba chuma leis faoi rud ar bith eile. Ní fios cén sásamh a bhaineadh sé as na clocha míne céanna, é á bpiocadh suas is á leagan uaidh, é ag déanamh líne díobh, á gcarnadh ar mhullach a chéile go dtí go dtitidís anuas ina thimpeall ar leacracha an urláir.
Uair amháin, nuair a thit carn a bhí déanta aige, tháinig ceann mór amháin anuas go trom ar a chois. Ar ndóigh, lig Páraic béic as a chloisfí amuigh i gConamara. Dhúisigh Deaide de gheit.
“Tusa a thug na clocha damanta sin isteach sa teach seo, nach tú?” a deir sé.
Chlaon Muraed a ceann.
“Bhuel, faigh réidh anois leo,” a deir sé. “Is ná feicim arís iad. Tá a dhóthain gleo aige siúd mar atá.”
Bhí a fhios ag Muraed gur drochphlean a bhí ansin. Agus bhí an ceart aici. Bhí Páraic croíbhriste faoi na clocha a bheith caite amach. Choinnigh sé air go ceann cúpla lá ag olagón agus ag éagaoin nó gur dhúirt Deaide le Muraed iad a thabhairt ar ais isteach.
Bhí siad ann ó shin i gcúinne na cistine agus Páraic ina lár go sásta formhór mór tráthnóntaí.
Bhuel, oíche Dhomhnaigh amháin, thart ar mhí nó mar sin th’éis do Father Folan a theacht go hÁrainn le bheith ina shagart paróiste nua, bhuail sé isteach ag an teach gan choinne. Bhí Páraic ina shuí sa gcúinne, Muraed agus Bid ag an mbord ag scríobh a gcuid aistí, Deaide ina chnap chodlata cois tine.
Nuair a chonaic Muraed an sagart i mbéal an dorais, sheas sí suas go díreach, mar a dhéanadh sí nuair a shiúladh duine tábhachtach dá chineál isteach sa seomra ranga ar scoil. Bhreathnaigh Bid suas óna cóipleabhar.
“Cén tseafóid atá ortsa?” a deir sí.
“Fáilte isteach, a Athair,” arsa Muraed. Nuair a bhreathnaigh Bid i dtreo an dorais, tháinig dath geal ar a héadan.
“Dia anseo isteach,” a deir Father Folan.
Dhúisigh Deaide de gheit.
“A Athair,” a deir sé, an dá shúil ag leathadh ina cheann.
“Ní le drochscéala atá mé tagtha, a Thaidhg,” arsa an sagart, gáirí muinteartha ar a bhéal.
Bhreathnaigh Deaide go géar anall ar Mhuraed, agus thuig sí ón dearcadh sin uaidh go gcaithfeadh sí Páraic a thabhairt isteach sa seomra ó thuaidh ar an bpointe boise.
Ach bhí a fhios aici chomh maith go mbeadh jab aici é a tharraingt amach as an gcúinne agus a chluiche a fhágáil ina dhiaidh.
“Tá súil agam nach bhfuil mé ag cur as daoibh,” arsa Father Folan. “Níl ann ach go bhfuil mé ag iarraidh beannacht bheag a chur ar an teach agus a bhfuil ina gcónaí ann.”
Bhreathnaigh Deaide ar an sagart agus meangadh fáilteach aige, ach d’airigh Muraed go raibh faitíos de chineál éicint air.
Chaith Deaide súil ghéar eile anall ar Mhuraed. Chas sí i dtreo Pháraic agus chrom síos aige, í ag labhairt leis sa nglór sin a d’úsáideadh sí lena bhréagadh.
“Seo leat, a Pháraic,” a deir sí. “Tá sé in an am dul a luí.”
Choinnigh Páraic air gan aird ar bith a thabhairt uirthi, é ag leagan na gcloch ina líne mar a bheadh nathair nimhe chnapánach ann.
“A Pháraic,” a deir Muraed arís de chogar géar.
Bhreathnaigh sé uirthi, an dearcadh ceanndána sin a raibh oiread cleachtaidh aici air.
Chas Muraed timpeall. Ní fhéadfaí Páraic a chorraí, ach dá seasfadh sí os a chomhair, b’fhéidir nach dtabharfadh Father Folan faoi deara mórán é.
Bhí stiall fhada éadaigh bainte amach as póca a sheaicéid faoin tráth seo ag an sagart. Déanta as éadach bán de chineál éicint a bhí sé agus croiseanna ar dhath an óir fuáilte ann. Ba mhór an áilleacht é, cibé cén t-ainm a bheadh air. Leath Father Folan an stiall éadaigh amach uilig agus phóg é sular chuir sé thart ar a mhuineál é. Sheas sé i lár an urláir agus bheannaigh sé an teach, agus ní Laidin a bhí aige ach píosa mór fada de phaidir Ghaeilge. Ansin, anonn leis chomh fada le Deaide. Leag sé a ordóg ar a bhaithis siúd agus ghearr fíor na croise ann ar an gcaoi chéanna is a ghearradh Deaide fíor na croise ar dhroim na bó th’éis dó í a bhleán. Níor bhreathnaigh Deaide ar an sagart, ach síos ar leacracha an urláir.
Chas Father Folan agus anonn leis chomh fada le Bid, le beannacht a chur uirthi siúd chomh maith céanna. Nuair a chas sé i dtreo Mhuraed, chonaic sí an straois a bhí ar éadan a deirféar. Bhain sí dá pluic arís í breá sciobtha nuair a chonaic sí Deaide ag stánadh anall uirthi.
Leag Father Folan a ordóg ar bhaithis Mhuraed agus chuir beannacht uirthi, é ag monabhar leis faoi Bhríd agus Colm Cille agus Éanna. Ansin, dhírigh sé ar Pháraic.
‘’Á, ná bac leis siúd, a Athair,’’ arsa Deaide, agus cineál de chreathán ina ghlór. ‘’Níl aon chiall aige.’’
‘’Duine de chlann Dé atá ann, a Thaidhg, ach an oiread leatsa agus liomsa,’’ arsa Father Folan.
Chuaigh sé síos ar a dhá ghlúin os comhair Pháraic agus labhair leis i nglór íseal. Bhreathnaigh Páraic air go ceisteach, ach bhí an t-amharc ceanndána imithe óna shúile.
“Nach le castáil ortsa a tháinig mé, a Pháraic?” a bhí Father Folan a rá leis. “Nach é do leithéidí a bhronnann grásta Dé ar na daoine atá ag tabhairt aire duit?”
Bhreathnaigh Muraed anonn ar Dheaide, féachaint an raibh a fhios aige siúd an méid sin cheana. Ach bhí an chuma neirbhíseach chéanna ar a éadan i gcónaí.